Back to All Events

Beo i Selskar


  • Selskar Square Trimmer's Lane Wexford Town Wexford (map)

Déardaoin 8 Lúnasa 2024

Roisín Nic Ghearailt - 5:30-6pm
Is file nua agus liriceoir í Róisín Nic Ghearailt, scríobh sí a chéad dán as Gaeilge an bhliain seo caite agus anois tá sí go hiomlán gafa leis.

Cúán de Búrca - 6 - 6:30pm
Is as Baile Átha Cliath do Chúán de Búrca. Tá a fhilíocht go mór faoi anáil an bhéaloidis agus is breá leis imeartas focail. Tá méid Gaeilge áirithe, dornán Gàidhlig, agus Béarla briste aige.

Jade Beo - 6:30-7pm
Ealaíontóir, ceoltóir agus láthreoir raidió í Jade Buttle ó na Crosa Beaga, Contae Loch Garman. Tá Jade ag obair go lánaimseartha le Raidió Rí-Rá, agus bíonn sí ag scríobh filíochta agus ag casadh ceoil ina h-am saor.

The Hugo Lynn Experience - 7-8pm
Níl aon rud inchurtha le Hugo Lynn Experience. Deir Hugo as Loch Garman gur féidir a lucht éisteachta bheith ag súil le taithí eile go mór mór. Beidh Connor Brennan ar na drumaí agus Ben Young ar an ndod in éineacht le Hugo.

Melanie O'Reilly's Gaelic Jazz Ensemble - 8-9:15pm
Tugann Melanie O’Reilly a fuaim snagcheoil chuig an bhFleadh le meascán uathúil de cheol traidisiúnta na hÉireann agus snagcheol. Beidh Carole Nelson, Dave Mooney agus aoi speisialta as California Anne Goess ag seinm le Melanie.

Dé hAoine 9 Lúnasa 2024

Cleití na Péacóige - 5-6pm
Is grúpa ceoltóirí amaitéaracha díograiseacha iad Cleití na Péacóige. Seinnimid ár leaganacha féin de fhoinn thraidisiúnta na hÉireann agus foinn rince. D’imir muid roimhe seo ag imeachtaí pobail i Loch Garman.

Filíocht as Gaeilge na hAlban - 6-6:30pm
Casann Cúán de Búrca filíocht bhailithe i nGaeilge na hAlban agus é ag plé le caighdeán na teanga, chomh maith leis na cosúlachtaí agus na héagsúlachtaí idir í agus an Ghaeilge.

David Mulligan - 6:30-7pm
Is múinteoir meánscoile é David Mulligan as Maolán na nGabhar, at spéis leis an tréimhse athbheochana Gaeilge a fhiosrú.

ATSCH- 7-8pm
Thosaigh ATSCH mar thionscadal céime an ghiotáraí Matthias Winkler, ach tá splanc le feiceáil idir é féin agus na ceoltóirí eile Graeme Bourke, Eoin O Halloran agus Hugh Denman. Bí ag súil le ceoltóireacht den scoth, snagcheol le func.

Melanie, Allabair Trio agus cairde Ó Meiricéa- 8-9:15pm
Ómós ceoil agus amhrán do cheol agus filíocht Ghaelach na hÉireann ón 17ú haois agus níos faide i gcéin: Turlough O Carolan , O Súilleabháin, O Rathaille. Beidh Melanie O’Reilly ag canadh, David Creevy ar ghiotár agus Anne Goess ar an bhfidil.

Dé Sathairn 10 Lúnasa

Ben MacCaoilte - 5-5:30 pm
Is file dátheangach é Ben MacCaoilte. Léiríodh a sheó, Lifting the Gate, ar fud na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe. Pléann saothar Ben cumhacht na cuimhne, ár gceangal le háit, agus na scéalta a bhfuil rath orthu laistigh díobh.

Amano- 5:30-6:10pm
Is amhránaí, cumadóir, file agus gníomhaí í Amano. Rugadh sa tSeapáin agus tógadh i gCiarraí í. Bogann sí idir seánraí éagsúla le pop-cheol, sean-nós, ceol leictreonach agus filíocht ó bhéal san áireamh.

Éire agus Chulainn - 6:10-6:40pm
Is dísreach iad Chulainn Ó Faoláin agus Éire Ní Fhaoláin le grá don amhránaíocht thraidisiúnta, amhránaíocht ar an sean nós, an ceol traidisiúnta in Éirinn agus in Albain agus an fhilíocht. Tá an Ghaeilge ag croílár a gcuid ceoil.

Álanna Hammel - 6:40-7pm
Is eagarthóir, scríbhneoir agus múinteoir Gaeilge í Álanna Hammel. Cuirfidh sí a seó aonair ar an stáitse bunaithe ar shaol cailín seiceála a bhfuil iompú ina healaíontóir aici.

Noeleen Ní Cholla - 7-8pm
Is cainteoir dúchais í Noeleen Ní Cholla as Gaeltacht Ghaoth Dobhair i nDún na nGall. Tagann sí de shliocht teaghlaigh ceolmhar. Tá duaiseanna bainte amach aici in Éirinn sna comórtais amhránaíochta. Beidh sí ag canadh as Gaeilge agus as Gaeilge na hAlban.

Imlé - 8-9pm
Meascann IMLÉ stíleanna ceoil agus foirmeacha ealaíne éagsúla le chéile ar bhealach nach bhfacthas nó nár chualathas riamh cheana i saol an cheoil Ghaelaigh. Tá IMLÉ ag ullmhú chun EP úrnua a eisiúint i bhFómhar 2024, agus iad ar bís le bheith ag cur na n-amhrán seo ar stáitse ag an bhFleadh i mbliana.

Previous
Previous
6 August

The Purple & Gold Writers’ Collective and Friends at Fleadh Cheoil na hÉireann 2024

Next
Next
9 August

August's Outspoken with Aoife Byrne and Conor Healy